Seo ceann eile ...
Cuireadh Do Mhuire
le Máirtín Ó Direáin
An eol duit, a Mhuire,
Cá raghair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Dod leanbh naofa,
Tráth bhfuil gach doras
Dúnta Ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar chianda
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhanta
... bainaigí taithneamh as