Feictear dhom, cinnte, nach mbaintear mórán úsáide as an Ghailege san úirlis bhreá ríomhaireachta seo.
B’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge beo fós in Éirinn, ach tá sí á labhairt i gcónaí sa chúinne seo den Languedoc/Roussillon i ndeisceart na Fraince. Agus tá dánta á gcumadh innti chomh maith:
Pangur
Mise Pangur an cat,
Luchtiarna an tí;
Muna mbíonn mé amuigh,
Bím istigh.
Seilgim na lucha
Le chrúb géar mar chorrán,
Ach déanaim cúis le Francaigh,
Languedoc ‘s Roussillon.
Is cat an-aineolach mé,
Dar le gach saoi;
Ní scríobhaim m'ainm,
Ní féidir liom guí.
Ach tá cara sár-naofa 'gam,
Manach gan locht,
Agus déanfaidh sin 'n gnó
Do Phangur Dubh bocht. .
© 10 May 2008
[Gabh mo leithsceal, A Phanguir Bhain]