Dia dhuit, a Cheallacháin ! Bhí mé ag ceapadh nach raibh éinne eile beo ar an suíomh seo......agus mise ag caint liom féin ! Chaith mise naoi mbliain 's fiche i Sasana, freisin, gan mórán cleachtadh ar an teanga, seachas leabhair a léamh - agus, cosúil leat féin, í mar theanga laethúil agam go dtí an chéad bhliain ag UCD. Tiocfaidh an líofacht ar ais, tar éis tamaill. Stair na clainne a thóg anseo mé(Rootschat), ach ní bhfuair mé aon rud úsáideach fós.
Beidh me anseo arís.
Slán --
Micheál.