Show Posts

This section allows you to view all posts made by this member. Note that you can only see posts made in areas you currently have access to.


Messages - clionamaire

Pages: [1]
1
Irish Language / Re: Ball nua a chur i lathair
« on: Tuesday 26 January 10 22:52 GMT (UK)  »
Go raibh maith agat Eadaoin - caithfidh mé an leabhar sin a fháil ar iasacht as an leabharlann agus an píosa a léamh. Bhí mo ghaol éirithe as an RIC um an dtaca sin, ach bhí gaol eile liom mar Governor príosún agus chomh fada is eol dom d'éirigh sé as ach tharraing sé siar an fógra gan mhoill agus lean sé ina phost go dtí 1927.
Clíona

2
Irish Language / Re: Ball nua a chur i lathair
« on: Tuesday 26 January 10 19:22 GMT (UK)  »
An bhfuil aon eolas agaibh maidir le cad a tharla le oifigigh an stait - RIC, gardai priosuin agus mar sin de tar éis bunú an Saorstát? Ar glacadh le cuid acu ins na seirbhísí nua a bhí anois faoi churam rialtas na h-Éireann? N'fheadar an raibh orthu éirí as agus cuir isteach ar an post as an nua?

3
Irish Language / Re: Ball nua a chur i lathair
« on: Saturday 16 January 10 17:21 GMT (UK)  »
Tá sé go deas forum as Gaeilge a fheiscint anseo - níor thuigeas go dtí anois go raibh a leithéid ann. Tá suim áirithe agam féin san RIC chomh maith - deartháir lem' shin sin seanathair - Harding, bhi sé san RIC sa Ghailleamh. Is dócha go bhfuil fhios agaibh go bhfuil 2 leabhar i gcló ag Jim Herlihy - The Royal Irish Constabulary agus Royal Irish Constabulary Officers. Is dócha go bhfuil siad ar fáil ins na leabharlanna.

Suim agam féin ins na sloinnte seo a leanas:
Murphy - Iarmhí agus Ardmhacha
Keane/Murray- Co Chorcai
Harding - Luimneach agus tuaisceart Chorcaí
Kavanagh - Co. Bhaile Atha Cliath
Duffy/Phillips - Muigheo agus Sligeach
agus go leor eile

Pages: [1]